Gaire In Eag - Book Review

Rinne Tomás léirmheas ar an leabhar a chriochnaigh ár gclub leabhair le deanaí.
Bain sult as!
Buaileann ár gclub leabhar le chéile gach Deardaoin ar a hocht a chlog. Tá
seisear ball againn faoi láthair agus tá fáilte roimh duine ar bith a bhfuil suim
acu a gcuid scileanna sa teanga Gaeilge a fheabsú. Bígí linn.
Sa chlub, tógann gach duine seal chun leathanach as leabhar Gaeilge a léamh
agus ansin é a astriú go Béarla. Tá an leabhar “Gáire in Éag” críochnaithe
againn le déanaí. Is sraith gearrscéalta é faoi shaol gnáthdaoine I mBéal
Feirste i rith na dtrioblóidí I dTuaisceart na hÉireann.
Pléann na scéalta le dúnmharuithe seicteacha agus foiréigean seicteach a bhí
ar siúl i lár na bpobal. Pléann an scéal deireanach le marfóir sraiteach a bhí ag
úsaid an fhoréigin mar chlúdach dá dhúnmharuithe. Is léir go bhfuil an t-údar
Sean O Muireagáin an-eolach faoin na himeachtaí seo. Molaim an leabhar mar
léamh éadrom.
An chéad leabhar eile:
Thosaigh ár gclub leabhair amach leis an chéad leabhar eile atá le léamh acu.
"Fianaise" an t-ainm atá uirthi, agus má tá tú ag iarraidh páirt a ghlácadh, tá an
leabhar le fáíl ar suíomh Siopa Leabhar. Brú ar an nasc thíos!